Descargar Imprimir esta página

Fronius Vizor 4000 Plus Manual De Instrucciones página 38

Ocultar thumbs Ver también para Vizor 4000 Plus:

Publicidad

Idiomas disponibles
  • MX

Idiomas disponibles

  • MEXICANO, página 16
GAEILGE
Réamhrá
Píosa ceannbhirt speisialta is ea clogad táthúcháin, a úsáidtear nuair a thugtar faoi chineálacha áirithe
oibre táthúcháin chun na súile, an aghaidh agus an muineál a chosaint in aghaidh solas infheicthe,
solas ultraivialait, solas infridhearg, spréacha, agus teas ón stua táthúcháin. Tá roinnt páirteanna
sa chlogad (féach liosta na bpáirteanna spártha). Tá sa scagaire uathoibríoch táthúcháin scagaire
éighníomhach ultraivialait agus scagaire éighníomhach infridhearg, mar aon le scagaire gníomhach
a n-athraíonn a tharchuras solais sa raon infheicthe den speictream de réir dhéine an tsolais sa stua
táthúcháin. Bíonn tarchuras solais an scagaire uathoibríoch táthúcháin ard (an staid gheal) ar dtús.
Tar éis lasadh an stua táthúcháin, agus laistigh d'aga sonraithe lasctha, athraíonn comhéifeacht
tarchuir solais an scagaire chuig luach íseal (an staid dhorcha). Ag brath ar an múnla, is féidir an clogad
a úsáid le clogad sábháilteachta agus/nó córas análaitheora íonaithe aeir faoi chumhacht (PAPR).
Treoracha Sábháilteachta
Léigh an lámhleabhar sula n-úsáidfidh tú an clogad. Déan cinnte de go bhfuil an críochnaitheoir
suite i gceart. Mura féidir fabhtanna a réiteach, caithfear éirí as an gcaiséad frithdhallraithe a úsáid
láithreach bonn.
Réamhchúraimí agus Srianta/Rioscaí
Le linn an phróisis táthúcháin scaoiltear teas agus radaíocht, rudaí a d'fhéadfadh a bheith ina gcúis le
gortuithe súile agus craicinn. Tugann an táirge seo cosaint do na súile agus don aghaidh. Cosnaítear
do shúile go buan in aghaidh radaíocht ultraivialait agus infridhearg nuair atá an clogad á chaitheamh
agat, beag beann ar an leibhéal cosanta atá roghnaithe. Caithfear éadaí cosanta cuí a chaitheamh
freisin leis an gcuid eile de do chorp a chosaint. Cáithníní agus substaintí a scaoiltear le linn an phróisis
táthúcháin, is féidir leo bheith ina gcúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha craicinn i ndaoine a bhíonn
tugtha dá leithéid. I gcás daoine a bhfuil craiceann bog acu, d'fhéadfadh teagmháil idir an craiceann
agus an cheannpháirt a bheith ina cúis le frithghníomhuithe ailléirgeacha.
Ní ceadmhach an clogad táthúcháin a úsáid ach amháin le haghaidh feidhmeanna táthúcháin agus
meilte agus ní le haghaidh aon fheidhmeanna eile. Má úsáidtear an clogad táthúcháin chun aon
chríche eile, nó má dhéantar neamhaird de na treoracha oibriúcháin, ní ghlacfaidh an monaróir le
haon dliteanas as sin. Tá an clogad oiriúnach do gach gnáthphróiseas táthúcháin, seachas táthúchán
gáis agus léasair. Tabhair faoi deara an leibhéal cosanta a mholtar de réir EN169 ar an gcumhdach.
Caithfear pánaí lochtacha a athsholáthar. Ní thagann an clogad in ionad clogad sábháilteachta. Ag
brath ar an múnla, is féidir an clogad a úsáid le clogad sábháilteachta.
Mar gheall ar shonraíochtaí an dearaidh, féadann an clogad dul i bhfeidhm ar an réimse radhairc (ní
féidir an réimse cliathánach radhairc a fheiceáil ach amháin má chastar an ceann) agus cur isteach
ar aireachtáil dathanna de bharr tarchur solais an scagaire uathoibríoch maolaithe. D'fhéadfadh sé
nach mbeadh soilse comhartha ná táscairí rabhaidh infheicthe mar thoradh air sin. Ina theannta sin,
tá baol tuairte ann de bharr go bhfuil an imlíne níos mó (ceann agus an clogad air). Nuair a chaitear
an clogad, laghdaítear an aireachtáil fuaime agus theirmeach freisin.
Mód Codlata
Tá feidhm múchta uathoibríoch ag an gcaiséad frithdhallraithe, a mhéadaíonn saolré an chadhnra.
Má bhíonn níos lú ná 1 lucsa de sholas ag teacht isteach sa chaiséad frithdhallraithe ar feadh thart
ar 10 nóiméad, múchtar an caiséad frithdhallraithe go huathoibríoch. Leis an gcaiséad a chur ar siúl
arís, caithfear na cealla fótavoltacha a nochtadh do sholas an lae. Más rud é nach féidir an caiséad
frithdhallraithe a ghníomhachtú a thuilleadh nó nach n-éiríonn sé dorcha nuair a lastar an stua
táthúcháin, ní mór cadhnraí nua a chur isteach ann.
Baránta agus Dliteanas
Tá na forálacha baránta le fáil i dTéarmaí Ginearálta Seachadta agus Íocaíochta na heagraíochta
náisiúnta díolacháin de chuid Fronius. Tá faisnéis bhreise le fáil ón saindíoltóir údaraithe. Ní
chuimsítear leis an mbaránta seo ach fabhtanna san ábhar amháin. Beidh na forálacha baránta
agus dliteanais go léir ar neamhní i gcás úsáid mhícheart. Beidh an baránta agus an dliteanas
neamhbhailí freisin i gcás nach mbaintear leas as páirteanna spártha bunaidh. Eisiaitear caitheamh
na bpáirteanna ón mbarántas freisin.
Saolré ionchais seirbhíse
Níl dáta deiridh ré ag baint leis an gclogad táthúcháin. Is féidir an táirge a úsáid chomh fada agus
nach bhfuil aon damáiste déanta dó, cibé infheicthe nó dofheicthe, agus nach dtarlaíonn aon
mífheidhmeanna.
Feidhmiú (Treoir Mhearthosaithe)
1. Strapa cinn. Coigeartaigh an strapa uachtarach coigeartaithe (lch. 4) le go mbeadh sé in oiriúint
do mhéad do chinn. Brúigh an cnaipe raicíneach isteach (lch. 4) agus cas é go dtí go n-oiriúnóidh
an ceannbheart i gceart, ar chuntar nach gcuireann brú ar do cheann.
2. Fad súl agus claonadh an chlogaid
Fad súl agus claonadh an chlogaid. Scaoil na cnaipí glasála (lgh. 4-5) leis an bhfad idir an
caiséad agus na súile a choigeartú. Coigeartaigh an dá thaobh go cothrom agus déan iarracht a
chinntiú nach bhfuil sé claonta. Ansin teann na cnaipí glasála arís. Is féidir claonadh an chlogaid
a choigeartú ach an cnaipe a chasadh (lch. 5).
3. Leibhéal cosanta
Leibhéal cosanta. I Is féidir socrú an leibhéil cosanta a choigeartú de láimh ach an cnaipe
poitéinsiméadair a chasadh. Is féidir é a roghnú sna raonta SL 8 go SL 12.
4. Mód meilte . Brúigh an cnaipe "Meil" (lch. 6) leis an gcaiséad frithdhallraithe a shocrú chuig an
mód meilte. Sa mhód sin, díghníomhaítear an caiséad agus fanann i mód geal le leibhéal cosanta
SL 2.5. Nuair atá an mód meilte i bhfeidhm, splancálann LED dearg (lch. 6) ar thaobh istigh an
chlogaid. Leis an mód meilte a mhúchadh, brúigh an cnaipe "Meil" arís. Múchtar an mód meilte
go huathoibríoch tar éis 10 nóiméad.
5. Íogaireacht. Leis an gcnaipe íogaireachta déantar an íogaireacht solais a choigeartú de réir an
stua táthaithe agus an tsolais chomhthimpeallaigh. Is í an teorainn "Rí-ard" an gnáthshocrú.
Is féidir é sin a choigeartú ach an cnaipe rothlach a chasadh. Sa raon "Rí-ard", baintear amach
leibhéal an-ard íogaireachta ar sholas.
6. Sleamhnán braiteora. Is féidir an sleamhnán braiteora a shocrú in dhá shuíomh dhifriúla. Ag
brath ar an suíomh, laghdaítear nó méadaítear an uillinn braite solais chomhthimpeallaigh.
7. Rialaitheoir ama oscailte. Cuireann an rialaitheoir ama oscailte (Moill) ar do chumas an mhoill
ama oscailte ó gheal go dorcha a roghnú. Is féidir an cnaipe rothlach a úsáid leis an socrú a
choigeartú go leanúnach ó dhorcha go solas idir 0.05 - 1.0 s.
Glanadh agus díghalrú
Caithfear an caiséad frithdhallraithe agus an críochnaitheoir a ghlanadh go rialta le héadach bog.
Ná húsáid oibreáin ghlantacháin, tuaslagóirí, alcól ná oibreáin glantacháin a bhfuil scrábaigh iontu.
Ba chóir lionsaí nua a chur in ionad lionsaí scríobtha nó damáistithe.
Stóráil
Ní mór an clogad táthúcháin a stóráil ag teocht an tseomra agus ar íseal taise. Le saolré na gcadhnraí
a shíneadh, stóráil an clogad sa phacáistíocht bhunaidh.
Críochnaitheoir nua a fheistiú (lgh. 8-9)
Brúigh fáisceán taoibh isteach leis an gcríochnaitheoir a scaoileadh, rud is féidir a bhaint ansin.
Ceangail an críochnaitheoir nua le ceann de na fáisceáin taoibh. Tarraing an críochnaitheoir anonn
chuig an dara fáisceán taoibh agus feistigh ina áit é. Caithfear é a bhrú isteach go daingean ionas go
gcoigeartóidh an séala ar an gcríochnaitheoir do chruth sceall an chlogaid.
Cadhnraí nua a chur isteach (lch. 5)
Na cadhnraí litiam in-athsholáthraithe atá sa chaiséad frithdhallraithe, is cealla cnaipe CR2032
iad. Má tá tú ag úsáid clogad táthúcháin a bhfuil nasc aeir úir aige, bain an séala aghaidhe
sula gcuirfidh tú cadhnraí nua isteach. Caithfear na cadhnraí nua a chur isteach nuair atá an
LED ar an gcaiséad ag splancáil i ndath glas.
1. Bain an clúdach cadhnra go cúramach.
2. Bain na cadhnraí agus faigh réidh leo de réir na rialachán áitiúil is infheidhme maidir le
dramhaíl ghuaiseach .
3. Cuir isteach cadhnraí CR2032 mar atá léirithe.
4. Cuir an clúdach cadhnra ar ais go cúramach.
Mura n-éiríonn an caiséad frithdhallraithe dorcha nuair a lastar an stua táthúcháin, seiceáil
polaraíocht na gcadhnraí. Lena sheiceáil go bhfuil go leor fuinnimh fós fágtha sna cadhnraí,
tabhair an caiséad frithdhallraithe gar do lampa geal. Má thosaíonn an LED ag splancáil i
ndath glas, níl go leor cumhachta fágtha sna cadhnraí agus caithfear cinn nua a chur ina
n-ionad láithreach bonn. Mura bhfeidhmíonn an caiséad frithdhallraithe i gceart fiú tar éis
cadhnraí nua a chur isteach ann, ní féidir é a úsáid a thuilleadh agus caithfear ceann nua a fháil.
An caiséad frithdhallraithe a bhaint/a fheistiú (lch. 8)
1. Tarraing amach an cnaipe leibhéil cosanta
2. Bain an clúdach cadhnra go cúramach
3. Díghlasáil lingeán coinneála an chaiséid, mar atá léirithe
4. Claon an caiséad amach go cúramach
5. Díghlasáil an tsatailít mar atá léirithe
6. Tarraing an tsatailít amach tríd an gcuas sa chlogad
7. Rothlaigh an tsatailít 90° agus brúigh amach trí chuas an chlogaid í
8. An caiséad frithdhallraithe a bhaint/a fheistiú
Déantar an caiséad frithdhallraithe a fheistiú ach na céimeanna a leanúint ina malairt d'ord.
Fabhtcheartú
Teipeann ar an gcaiséad frithdhallraithe dorchú
→ Coigeartaigh an íogaireacht
→ Glan na braiteoirí nó an críochnaitheoir
→ Seiceáil an sreabhadh solais chuig an mbraiteoir
Tá an leibhéal cosanta rógheal
→Socraigh leibhéal cosanta níos airde nó úsáid lionsaí daite istigh
Tá an leibhéal cosanta ródhorcha
→Roghnaigh leibhéal cosanta níos ísle →Glan an críochnaitheoir nó faigh ceann nua
Bíonn an caiséad frithdhallraithe ag preabarnach
→ Ceartaigh suíomh an rialaitheora ama oscailte le haghaidh an phróisis táthúcháin
→ Cuir cadhnraí nua isteach
Drochléargas
→ Méadaigh leibhéal an tsolais thimpeallaigh
→ Cuir an leibhéal cosanta in oiriúint don phróiseas táthúcháin
Sleamhnaíonn an clogad táthúcháin
→ Coigeartaigh/teann an strapa cinn arís
Sonraíochtaí (Faoi réir athruithe teicniúla)
Leibhéal cosanta
Cosaint UV/ID
Aga lasctha ó gheal go dorcha
Aga lasctha ó dhorcha go geal
Toisí an chaiséid frithdhallraithe
Toisí an réimse radhairc
Soláthar voltais
Meáchan
Teocht oibriúcháin
Teocht stórála
Aicmiú de réir EN379
Ceaduithe
Marcálacha breise le haghaidh
leagan PAPR (comhlacht dá dtugtar
fógra CE1024)
Páirteanna spártha (Leathanaigh 42)
-Clogad gan chaiséad (SP01))
-Caiséad frithdhallraithe lena n-áirítear satailít (SP02)
-Críochnaitheoir (SP03)
-
-Tacar deisiúcháin 2 (fáiscíní taoibh) (SP04)
-Lionsa inmheánach cosanta (SP05)
Dearbhú Comhréireachta
Féach an seoladh Idirlín ar an dara leathanach go dtí an leathanach deiridh.
Faisnéis Dlí
Comhlíonann an doiciméad seo ceanglais Rialachán 2016/425 ón AE, Uimh. 1.4 d'Iarscríbhinn II.
An Comhlacht ar Tugadh Fógra dó
Vexa a penúltima páxina para obter información detallada.
38
→ Athraigh suíomh an tsleamhnáin braiteora
→ Díghníomhachtaigh an mód meilte
→ Cuir cadhnraí nua isteach
SL2.5 (staid gheal)
SL8 – SL12 (staid dhorcha)
Uaschosaint i ndálaí geala agus dorcha
100μs (23°C / 73°F)
70μs (55°C / 131°F)
0.05- 1.0s
90 x 110 x 7mm / 3,55 x4,33 x 0,28"
50 x 100mm / 1,97 x 3,94"
Cealla fótavoltacha, 2 cheann Cadhnraí LI, 3V, in-
athsholáthraithe (CR2032)
482g/17.02oz,PAPR: 682g/24.057oz
-10°C – 55°C / 14°F – 131°F
-20°C – 80°C / -4°F – 176°F
Aicme optúil = 1
Solas scaipthe = 1
Aonchineálacht = 1 Spleáchas ar an réimse radhairc = 2
CE, ANSI Z87.1, complies with CSA Z94.3
EN12941 (TH3 i dteannta le Air/3, Air/3X, TH2 le haghaidh
leaganacha le hardhat agus Air/3, Air/3X).
-Tacar deisiúcháin 1 (Cnaipe "íogaireachta"),
cnaipe poitéinsiméadair agus clúdach cadhnra) (SP06)
-Strapa cinn agus glas (SP07)
-Bandaí allais (SP08/SP09)

Publicidad

loading