Kenwood KNB-45L Manual De Instrucciones página 8

Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • MX

Idiomas disponibles

  • MEXICANO, página 3
LÁMHLEABHAR TREORACHA
RÉAMHCHÚRAIM
Ceapadh an paca ceallra in-athluchtaithe seo le go n-úsáidfí é le trasghlacadóirí KENWOODagus leo
sin amháin.
Ná húsáid an paca ceallra ach le trealamh a gcomhairlíonn a lámhleabhar é a úsáid. D'fhonn aon
damáiste a sheachaint, ná déan aon iarracht an paca ceallra a úsáid le cineálacha eile trasghacadóirí
nó luchtairí.
Sa phaca ceallra tá réada so-adhainte, mar thuaslagóirí orgánacha. Mura láimhsítear an ceallra mar ba
cheart, d'fhéadfadh sé go réabfaí é agus go dtiocfadh lasracha nó teas ollmhór dá dheasca, agus go
ndéanfaí dochar dá réir sin nó foimreacha eile damáiste don cheallra. Iarrtar ort géilleadh do na toirmisc seo.
CONTÚIRT
Ná bain an ceallra as a chéile ná ná cuir le chéile arís é.
Ná déan an ceallra a ghearrchiordadh.
Ná loisc an ceallra agus ná cuir foinsí teasa leis.
Ná fág an ceallra in aice le tinte ná le soirn ná le foinsí teasa eile (áiteanna ina bhfuil an teocht os cionn 80 °C).
Ná tom an ceallra in uisce agus ná déan é a fhliuchadh ar bhealaí eile.
Ná luchtaigh an ceallra in aice le tinte ná faoi sholas díreach na gréine.
Ná bain leas ach as an luchtaitheoir a shonraítear agus comhlíon na riachtanais luchtaithe.
Ná toll an ceallra le rud ar bith, ná buail le huirlis é, ná seas air.
Ná bain tuairt as an gceallra ná ná caith uait é.
Ná bain leas as an bpaca ceallra má tá damáiste ar bith déanta dó.
Ná déan sádráil go díreach ar an gceallra.
Ná cuir polaraíocht an cheallra droim ar ais (ná na losa).
Ná luchtaigh ná ná nasc an ceallra droim ar ais.
Ná leag lámh ar cheallra atá réabtha nó ag sceitheadh.
Má theagmhaíonn leacht leictrilíte an cheallra le do shúile, nigh do shúile le huisce úr chomh luath agus is féidir, gan
iad a chuimilt. Téigh chun an ospidéil láithreach. Mura gcuirtear cóir orthu, d'fhéadfaí dochar a dhéanamh do na súile.
RABHADH
Ná luchtaigh an ceallra níos faide ná an t-achar ama a shonraítear.
Ná cuir an paca ceallra i micreathonn ná in árthach faoi bhrú ard.
Coinnigh pacaí ceallra atá réabtha nó ag sceitheadh amach ó thinte.
Ná bain leas as ceallra mínormalach.
Ná hathraigh ná ná luchtaigh an ceallra in áiteanna contúirteacha.
ÚSÁID AN PHACA CEALLRA
Luchtaigh an paca ceallra sula mbaineann tú úsáid as.
Is ionann agus 5 °C ~ 40 °C raon teochta an luchtaithe.
Le díluchtú an cheallra a laghdú an oiread agus is féidir, bain an paca ceallra den trealamh nuair nach bhfuil sé á
úsáid. Cuir an paca ceallra ar stór in áit thirim fhionnuar.
Má tá an paca ceallra á chur ar stór go ceann i bhfad:
1 Bain an paca ceallra den trealamh.
2 Díluchtaigh an paca ceallra, más féidir.
3 Cuir an paca ceallra ar stór in áit thirim fhionnuar (faoi bhun 25 °C).
SAINTRÉITHE AN PHACA CEALLRA
De réir mar a luchtaítear agus a dhíluchtaítear an paca ceallra arís agus arís eile, is amhlaidh is lú cumas an
cheallra.
Fiú amháin mura n-úsáidtear an paca ceallra, cailleann sé a chumas.
Dá fhionnaire an áit ina bhfuil sé an paca ceallra, is amhlaidh is faide a thógfaidh é a luchtú.
Is giorraide beatha an phaca ceallra é a luchtú agus a dhíluchtú in áiteanna teo. Má chuirtear an paca ceallra ar
stór in áit the, is amhlaidh is luaithe a mheathfaidh sé. Ná fág an paca ceallra i bhfeithiclí nó in aice le fearais téite.
Más gearr é achar oibríochta an phaca ceallra, fiú amháin agus é luchtaithe go hiomlán, cuir á athsholáthar é. Dá
leanfá ort á luchtú agus á dhíluchtú, d'fhéadfadh sceitheadh leictrilíte teacht dá bharr.
© 2015
PACA CEALLRA
B5A-1081-00

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido