UCC T3 installation guide
www.renishaw.com
NÓTA: I dtaca le teochtaí timpeallacha faoi 40 °C, is é 800 W cumhacht ionchuir uasmhéid don UCC T3. Is é 400 W an chumhacht
uasmhéid do theochtaí idir 40 °C agus 50 °C.
RABHADH: Níl UCC T3 molta le húsáid i dteochtaí timpeallacha níos airde ná 50 °C.
RABHADH: Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthairtí talmhaithe don mheaisín iomlán.
RABHADH: Aonrú: Tá UCC T3 aonraithe ón soláthar cumhachta DC trí dhínascú den naschóir cumhachta. Má tá aon mhodhanna
aonraithe breise riachtanach, ní mór do dhéantúsóir an mheaisín nó suiteálaí an táirge é a mhionsonrú agus a shuiteáil. Ní mór an
t‐aonraitheoir a shuiteáil cóngarach don oibritheoir CMM agus é i gcomhlíonadh le IEC61010 agus le haon rialacháin náisiúnta
sreangaithe infheidhmithe don tír inar suiteáiltear é.
RABHADH: Ní mór an PSU bheith aon‐lochtlamhálach, faofa chuig EN60950‐1 agus é nasctha le soláthar ina bhfuil seoltóir
talmhaithe cosanta. Tá an OEM nó an suiteálaí freagrach as soláthairtí talmhaithe agus cosaint lochta iarmharaigh don mheaisín
iomlán.
Sábháilteacht mheaisín
RABHADH: Tá seans ann NACH gcoiscfear gluaiseacht an mheaisín gan choinne tríd an UCC T3 a mhúchadh nó a aonrú. Moltar
don úsáideoir an meaisín a aonrú ón soláthar leictreachais, ó aer comhbhrúite nó ó fhoinsí fuinnimh eile de réir treoracha ó
dhéantúsóra an mheaisín sula dtéitear isteach sa chrios guaise nó sula ndéantar aon oibriúcháin chothabhála.
Má úsáidtear an trealamh ar bhealach nach bhfuil mionsonraithe ag an déantúsóir, d'fhéadfadh an chosaint sa trealamh bheith lagaithe.
Tá an córas sábháilteachta stop éigeandála atá comhtháthaithe isteach sa rialaitheoir UCC T3 deartha le catagóir 2 a bhaint amach chuig
caighdeán BS EN ISO 13849‐1:2008, d'fhéadfadh é seo bheith mar earraí crua cumraithe chun catagóir B a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba chóir
go mbeadh an chatagóir atá riachtanach dearbhaithe ag an measúnú riosca a rinne suiteálaí an chórais ar an suiteáil.
Ní mór an UCC T3 bheith coimisiúnaithe trí bhogearraí Renishaw. Gan é seo a dhéanamh, d'fhéadfadh gluaiseacht an mheaisín gan choinne a
tharlú.
HU: Biztonsági előírások az UCC T3 vezérlő számára
Környezeti feltételek
Issued 04 2019
55