Ie Treoir Úsáide - Engelbert Strauss 75.76.651 Instrucciones De Uso

Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • MX

Idiomas disponibles

  • MEXICANO, página 23
IE
Treoir Úsáide
Comlíonann an Clogad dreapadóireachta e.s. na caighdeáin seo a leanas:
DIN EN 1077, DIN EN 1078, DIN EN 12492
PSA Regulation 89/686/EWG (CE-marking)
Ionad scrúdaithe: TÜV Rheinland LGA Products GmbH,
Tillystraße 2, D-90431 Nürnberg; Uimhir aitheantais 0197
Go raibh maith agat as cinneadh a dhéanamh clogad de chuid engelbert strauss a cheannach. Is
cuid den trealamh cosanta pearsanta iad clogaid agus cabhraíonn siad chun gortú cinn a chosc
nó a laghdú go mór, ar a laghad. Tóg beagán ama chun na treoracha seo a leanas a léamh agus a
fhoghlaim conas do chlogad a choigeartú ar mhaithe le do shábháilteacht agus do chompórdacht
agus é á chaitheamh agat.
Na haicmí cosanta de réir EN 1077
Is do lucht sciála agus lucht scimeála sneachta alpacha agus grúpaí cosúil leo atá clogaid den aic-
me A agus den aicme B. Tugann clogaid den aicme B aeráil agus éisteacht níos fearr ach tugann
siad cosaint do chuid níos lú den cheann agus is lú a sheasmhacht in aghaidh pollta. Luaitear an
aicme chosanta ar an lipéad.
A: OIRIÚNÚ AN CHLOGAID
1. Toise cheart an chlogaid a roghnú
Ní thugann clogad cosaint duit ach amháin má oireann sé i gceart duit. Tomhais imlíne do chinn.
Cuir an clogad ort ar shlí go mbíonn an coigeartú toise ar chúl do chinn. Ní mór go mbraitheann
tú compórdach agus sábháilte agus an clogad ort. Chun oiriúnú an chlogaid a fheabhsú tuilleadh
bain úsáid as an gcóras coigeartaithe toise atá feistithe sa chlogad.
Ar choinníoll go bhfuil sé feistithe mar is gceart tá an clogad cumtha ar shlí go bhfanann sé ar an
gceann i gcás timpiste.
2. An córas coigeartaithe toise a oiriúnú
Tá gá le hoiriúint mhaith chun tú a chosaint chomh maith agus is féidir. Déantar an fáinne cinn
a oiriúnú do do cheann leis an gcas-ghlasáil. Cas ar chlé é chun an fáinne cinn a oscailt nó a
scaoileadh. Má chastar ar dheis é ar deiseal, teanntaítear an fáinne cinn gan céimeanna (Léaráid
1). Lena chois sin is féidir airde an taca muiníl (Léaráid 2) a choigeartú agus is féidir suíomh an
bhanda cinn (Léaráid 3) a oiriúnú.
3. Athrú ar an airde caithimh
Is féidir airde caithimh ag fheistithe ar an taobh istigh a athrú. Chuige seo bain pionnaí an líon
caithimh agus cuir isteach iad ag an airde a oireann duit. Tá an airde caithimh i suíomh leath-ard
ag am a sheachadta.
4. An stapa smige a dhúnadh
Tá córas coigeartaithe strapa ar do chlogad Croch an glasáil ar fháinne dáileora na strapaí. Tar-
raing ceann saor an dáileora ar thaobh na láimhe deise chun an strapa smige a theanntú. Cas
suas an dáileoir beagáinín chun é a scaoileadh. Chun é a oscailt tarraing an tarraingeoir díreach
amach ón cheann. (Léaráid 5).
5. Coigeartú strapa
Agus an clogad coigeartaithe agat do mhéid do chinn cuir an clogad ort ina shuíomh ceart (Léaráid
4) agus dún an strapa smige (Léaráid 5). Caithfidh na strapaí, san áit ina dtéann siad isteach san
dáileoir strapa, a bheith teannta agus ar chomhfhad agus luí go dlúth díreach faoi do chluasa.
Scrúdaigh teannas na strapaí agus coigeartaigh strapaí atá ró-scaoilte nó ró-theann mar seo a
leanas: Tá Komfort-Fixberiemung (Tá strapaí fuaite go dlúth leis an dáileoir faoin gcluais), ní gá
aon choigeartú ar na taobhanna a dhéanamh.
72
6. An oiriúint agus feistiú na strapaí a scrúdú
Sula n-úsáideann tú an clogad cinntigh go n-oireann sé i gceart, go bhfuil na strapaí coigeartaithe
go cuí agus go bhfuil an strapa smige teannta i gceart.
An oiriúint a scrúdú:
Bain triail as an clogad a chasadh ar chlé agus ar dheis le do dhá láimh. Má oireann an clogad
i gceart duit bogann an craiceann ar d'éadan leis an gclogad; mura mbogann sé tá oiriúint an
chlogaid ró-scaoilte. Téigh siar chuig mír 2.
Scrúdaigh na strapaí:
Bain triail as an clogad a tharraingt siar agus chun tosaigh an oiread is féidir le do dhá láimh. Déan
tréan-iarracht. Tá sin tábhachtach. Má éiríonn leat an clogad a chasadh uait i dtreo amháin nó é a
chasadh chomh fada chun tosaigh go gcuireann sé isteach ar radharc do shúl, nó chomh fada siar
go bhfuil d'éadan nochta, ní oireann an clogad go cuí. Lean na treoracha ó mhíreanna 2 - 5 go dtí
nach mbogann an clogad ach an fíorbheagán.
AIRE! Mura féidir leat an clogad a oiriúnú duit i gceart sa tslí nach féidir é a bhogadh chun tosaigh
nó siar ach an fíorbheagán agus na strapaí dúnta NÁ hÚSÁID AN CLOGAD SEO! Faigh ceann níos
lú nó múnla eile.
Rith tástála
Má tá an clogad curtha in oiriúint do do cheann agus má tá na strapaí coigeartaithe go cuí bain
triail as. Tabhair aird do chompórdacht caithimh agus ar oiriúint an chlogaid le linn na trialach.
Más gá déan na strapaí agus an strapa smige a athchoigeartú chun an chompórdacht caithimh
agus an oiriúint a fheabhsú.
B: FEISTIú AR AN TAOBH ISTIGH / OIRIúINTÍ
(Má tá feistiú malartaithe (pionna malartaithe) ag do chlogad, scaoil go cúramach as na bracanna
é (Léaráid 6)). I gcás feistithe geimhridh agus oiriúintí breise léigh na saintreoracha úsáide atá
faoi iamh.
C: ATHRUITHE AR AN gCLOGAD
Rinneadh tástáil ar an gclogad seo sa déantús sraithe agus scaoileadh é de réir an chaighdeáin
chuí. Ní cead é a athrú ná comhbhaill chomhthíocha a chur air. Cuirtear isteach ar a fheidhm
cosanta agus cuirtear an ceadú ar ceal mar thoradh ar fheistiú mícheart nó comhthíoch a chur
isteach agus má dhruileáiltear poill chun trealamh a chur leis nó má dhéantar aon athruithe eile
air. Ná húsáidtear ach na páirteanna spártha agus na hoiriúintí siúd a oireann don chlogad. Mura
bhfuil tú cinnte cuir ceist orainn.
D: ATHRUITHE AR AN GCLOGAD, GLANADH
Rinneadh tástáil ar an gclogad seo sa déantús sraithe agus scaoileadh é de réir an chaighdeáin
chuí. AIRE: D'fhéadfadh athruithe ar an gclogad, go háirithe snas, greamaitheoirí, glantaigh, cei-
miceáin agus tuaslagóirí a chuirtear air, sábháilteacht do chlogaid a laghdú go mór. Ná húsáid
ach ábhair agus oiriúintí nó páirteanna spártha atá ceadaithe againn. Glan do chlogad le huisce,
gallúnach mín agus ceirt bhog.
E: STÓRáIL
Lig do do chlogad tirimiú san aer tar éis úsáide agus stóráil in áit fuar tirim é. D'fhéadfadh teocht
ard (nochtadh don ngréin, taobh thiar de ghloine i mála dorcha agus sa bhúit i measc áiteanna
eile) damáiste tromchúiseach a dhéanamh dó. Is comhartha dámáiste teasa iad dromchla aimh-
réidh nó súilíní. Féadann an damáiste seo teacht air de thoradh ar theocht chomh híseal le 65°C.
AIRE: Ná húsáid clogaid a bhfuil damáiste teasa déanta dóibh!
F: TREORACHA TáBHACHTACHA AR MHAITHE LE DO SHáBHáILTEACHT
NÍ GÁ DUIT RÁSÁIL CHUN TÚ FÉIN A GHORTÚ!
Tá doiciméadú ann ar ghortuithe cinn tromchúiseacha nó ar ghortuithe a raibh bás mar thoradh
orthu ag luas íseal fiú amháin, CÉ GO RAIBH CLOGAD Á CHAITHEAMH AG NA FIR/MNÁ SPÓIRT.
Braitheann an mhéid cosanta a thugann clogad ar chúinsí na timpiste mar ní choscann clogad
timpiste mharfach nó easláine fhadtéarmach i gcónaí.
IE
73

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Este manual también es adecuado para:

75.76.65275.76.66175.76.662

Tabla de contenido