LG PC09SQNSJ Manual Del Usuario página 334

Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • MX

Idiomas disponibles

  • MEXICANO, página 28
TREORACHA SÁBHÁILTEACHTA TÁBHACHTACHA
8
• Ba chóir an t aonad a dhíchóimeáil, an ola chuisneáin agus páirteanna amach anseo a
chóireáil de réir caighdeáin áitiúla agus náisiúnta.
• Ionadaigh gach cadhnra sa chianrialtán le cinn nua den chineál céanna. Ná measc
seanchadhnraí agus cinn nua nó cineálacha cadhnraí éagsúla. Tá baol ann go mbeidh
tine nó gclisfidh an táirge.
• Ná athluchtaigh nó ná díchóimeáil na cadhnraí. Ná cuir cadhnraí i dtine. D'fhéadfadh
siad dó nó pléascadh.
• Má thiteann an leacht sna cadhnraí ar do chraiceann nó ar d'éadaí, glan go le huisce
glan é. Ná bain na cadhnraí má tá siad tar éis sileadh. D'fhéadfadh na ceimiceáin sna
cadhnraí bheith mar shiocair le dónna agus le guaiseacha sláinte eile.
• Má shlogann tú leacht na gcadhnraí ó sceitheadh, glan go hiomlán an taobh istigh de
do bhéal agus ina dhiaidh sin téigh i gcomhairle le lia. Mura ndéantar sin, d'fhéadfadh
deacrachtaí sláinte bheith mar thoradh air.
• Ná lig don ghléas aerchóirithe rith ar feadh aga fada nuair atá an bhogthaisce an-ard
agus tá doras nó fuinneog fágtha ar oscailt. Is féidir le taise comhdhlúthú agus dá
bharr sin troscán a fhliuchrú nó díobháil a dhéanamh dó.
• Ná nocht do chraiceann, do pháistí ná plandaí don séideadh aeir fuar nó te.
D'fhéadfadh sé bheith díobhálach do do shláinte.
• Ná ól an t uisce a dhiúscraítear ón táirge. Níl sé sláintíoch agus d'fhéadfadh sé bheith
mar shiocair le fadhbanna sláinte tromchúiseacha.
• Seas ar stól socair nó ar dhréimire fad is atá tú glanadh, ag cothabháil nó ag deisiú an
táirge nuair atá ag airde. Bí cúramach agus seachain gortú pearsanta.
• Déanfar an fearas seo a stóráil sa chaoi is a chuirfear cosc ar dhamáiste meicniúil.
• Ni dhéanfar seirbhísiú ach amháin mar atá molta ag deantóír an fhearais. Déanfaidh an
duine, atá oilte in úsáid cuisneán inlásta, maoirsiú ar chothábhaíl agus ar dheisiú ina n-
éilítear cabhair ó phearsanra oilte eile.
De réir IEC 660335-1
• Ní do dhaoine (lena n-áirítear páistí) a bhfuil a gcumais fhisicúla, chéadfacha nó
mheabhair laghdaithe, nó atá gan taithí agus gan feasacht, é an gléas seo ach amháin
má tá duine atá freagrach as a sábháilteacht á maoirsiú nó á teagasc conas feidhm a
bhaint as an ngléas. Ba chóir páistí a bheith faoi mhaoirseoireacht chun a chinntiú
nach mbeidh siad ag súgradh leis an ngléas.
De réir EN 660335-1
• Tig le páistí atá 8 mbliana d'aois agus níos sine agus daoine a bhfuil a gcumais
fhisicúla, chéadfacha nó mheabhair laghdaithe nó atá gan taithí agus gan feasacht
feidhm a bhaint as an ngléas seo má tá siad faoi mhaoirseacht nó má teagascadh
dóibh conas feidhm a bhaint as an ngléas ar bhealach atá slán agus ar choinníoll go
dtuigeann siad na guaiseacha a bhaineann leis. Níor chóir do pháistí súgradh leis an
ngléas. Níor chóir do pháistí gan mhaoirseoireacht an gléas a ghlanadh ná é a
chothabháil.
(do R32)

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido