LG PC09SQNSJ Manual Del Usuario página 338

Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • MX

Idiomas disponibles

  • MEXICANO, página 28
LÁMHLEABHAR AN ÚINÉARA
12
COTHABHÁIL
Glan an táirge go rialta chun an fheidhmíocht is
fearr a chinntiú agus chun cliseadh a sheachaint.
FAINIC
!
• Cas an chumhacht as agus bain plocóid an
chorda chumhachta amach sula thosaíonn
tú aon chothabháil; mura ndéantar
amhlaidh, d'fhéadfadh sé bheith mar
shiocair le turraing leictreach.
• Ná bain feidhm riamh as uisce atá níos
teo ná 40°C nuair atá na scagairí á
nglanadh agat. D'fhéadfadh sé an táirge a
chur ó chruth nó a dhath a athrú.
• Ná riamh bain feidhm as ábhair sho-
ghalaithe fad is atá na scagairí á nglanadh
agat. D'fhéadfadh siad díobháil a
dhéanamh do dhromchla an táirge.
Leideanna Oibriúcháin!
• Ná fuaraigh an seomra an iomarca.
Níl sé go maith don sláinte agus cuireann sé
aibhléis amú.
• Coinnigh dallóga nó cuirtíní dúnta.
Ná lig do thaitneamh na gréine teacht
isteach sa seomra nuair atá an gléas
aerchóirithe ag obair.
• Coimeád teocht an tseomra mar i gcéanna.
Athraigh treo ingearach agus cothrománach
na haershreibhe chun teocht chomhionann
sa tseomra a chinntiú.
• Cinntigh go bhfuil na doirse agus na
fuinneoga dúnta go daingean.
Déan iarracht gan na doirse agus na
fuinneoga a oscailt an méid is ar féidir chun
an t aer fionnuar a choimeád sa tseomra.
• Glan an scagaire aeir go rialta.
Laghdaíonn bacainní sa scagaire aeir an t
aershreabhadh agus laghdaíonn siad
éifeachtaí fuaraithe agus díthaisitheacha.
Glan é ar a laghad gach dhá sheachtain.
• Aeráil an seomra ó am go chéile.
Ós rud é go gcoimeádtar na fuinneoga
dúnta, is dea-smaoineamh é iad a oscailt ó
am go chéile agus an seomra a aeráil.
Nuair nach bhfuil an gléas
aerchóirithe ar siúl....
Nuair mbainfear feidhm as an ngléas
aerchóirithe ar feadh aga fada.
1
Oibrigh an gléas aerchóirithe leis na
socruithe seo a leanas i bhfeidhm ar feadh
2 nó 3 uair a chloig.
• Cineál oibríocht: Mód oibrithe an
ghaothráin. (Féach ar an leathanach "Mód
Gaothráin")
• Triomóidh seo na meicníochtaí
inmheánacha.
2
Múch an scoradán.
FAINIC
!
Múch an scoradán nuair nach mbeidh an
gléas aerchóirithe chun oibriú ar feadh aga
fada. D'fhéadfadh salachar bailiú ann agus
bheith mar shiocair le tine.
3
Bain na cadhnraí ón gCianrialaitheoir.
Eolas acrach
Na scagairí aeir agus do bhille aibhléise.
Má thachtaítear na scagairí aeir le deannach,
laghdófar an cumas fuaraithe, agus cuirfear
amú 6% den aibhléis a bhaintear feidhm as
chun an gléas aerchóirithe a chur ag obair.
Nuair is gá feidhm a bhaint arís as
an ngléas aerchóirithe.
1
Glan an scagaire aeir agus suiteáil i ndoras
an aonaid é. (Féach ar an leathanach
"Cothabháil agus Seirbhís")
2
Dearbháil nach bhfuil bac ar ionraon agus
asraon aeir den aonad istigh / amuigh faoin.
3
Dearbháil go bhfuil an tsreang thalmhaithe
ceangailte i gceart. B'fhéidir go bhfuil sé
ceangailte le taobh an aonaid istigh.

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido