Faisnéis Sábháilteachta (Ie) - Foss Infratec Sofia Manual Del Usuario

Tabla de contenido

Publicidad

Idiomas disponibles
  • MX

Idiomas disponibles

  • MEXICANO, página 85
Infratec™ Sofia
20 Faisnéis Sábháilteachta (IE)
20.1 Ginearálta
Léigh lámhleabhar an úsáideora go cúramach
agus bain úsáid as an ionstraim mar a
chomhairlítear é. Glac leis na réamhchúraimí go
léir de réir mar a threoraítear.
Samhaltáin Sábháilteachta
Cur síos ar na samhaltáin sábháilteachta a
úsáidtear sa lámhleabhar seo.
Samhaltán
Cur síos
Seasann an samhaltán seo do
ghuais ghinearálta.
Seasann an samhaltán seo do
dhromchla te.
Téarmaíocht Sábháilteachta
Cur síos ar na téarmaí sábháilteachta a úsáidtear
sa lámhleabhar seo.
Téarma
Cur síos
Rabhadh
Cuireann rabhadh in iúl go
bhféadfadh an staid bheith
contúirteach agus mura ndéantar
é a sheachaint go mbásfaí nó go
ngortófaí daoine go dona dá
bharr. Léigh an téacs a théas leis
an rabhadh chun bheith feasach
faoin ghuais ar leith agus chun
gortú coirp nó diandamáiste
trealaimh a sheachaint.
Aire
Cuireann aire in iúl go bhféadfadh
an staid bheith contúirteach agus
mura ndéantar é a sheachaint go
ndéanfaí damáiste do threalamh
nó go dteipfí ar an gcóras gan
coinne dá bharr. Léigh an téacs a
théas leis an aire chun bheith
feasach faoin ghuais ar leith agus
chun damáiste do threalamh nó
teip córais a sheachaint.
20.2 Réamhchúraimí
Sábháilteachta
Rabhadh
Téitear i gcomhairle leis an lámhleabhar
seo i ngach cás ina n-úsáidtear an
samhaltán seo chun eolas a fháil ar
chineál na guaise a d'fhéadfadh a bheith
ann.
Aire
D'fhéadfadh na ceithre chealla titim as an
SHM agus d'fhéadfái dochar a dhéanamh
dóibh dá bharr. Bain na cealla as de réir
User Manual 6002 5350 / Rev. 6
mar a threoraítear roimh an SHM a bhaint
nó ceann eile a chur ina ionad.
Aire
Agus an SHM a bhaint nó ceann eile a
chur ina ionad ar chúiseanna cothabhála,
ní foláir bheith cúramach gan an iomarca
fórsa a úsáíd agus an bolta lena
gcoimeádtar gafa ina áit é a scaoileadh nó
a theannadh. De bharr uilinn fheidhmithe
an chastaire fheidhmigh (10 mm),
d'fhéadfaí dó dul i ngreim le cuid den SHM
agus díobháil a dhéanamh dó.
Aire
Ná bogtar an SHM i gcás ar bith agus an
soláthar cumhachta ceangailte leis an
ionstraim. Déanfar díobháil don mótar atá
ceangailte leis an SHM dá bharr.
Aire
Ná dícheangail an chumhacht go dtí
Infratec Sofia agus bogearraí na
hionstraime á nuashonrú.
Aire
Ní foláir roinnt fórsa a úsáid chun an
modúl lampa a bhaint den ionstraim de
bharr na riachtanais cosanta ó
dheannach agus ó uisce. Tabhair aire
agus ná déan an cábla lena gceanglaítear
an lampa leis an ionstraim a ró-shíneadh.
Aire
Cuirfear an comhlacht freagrach ar eolas
go mb'fhéidir go ndéanfaí dochar don
chosaint a sholáthraítear leis an trealamh
má bhaintear úsáid as an trealamh i slí
nach bhfuil sonraithe ag an monaróir.
Aire
Má sholáthraítear caidhp ESD, ní foláir go
bhfuil sé feistithe ar phort nach bhfuil in
úsáid.
Aire
Ná tadhaill gloine an lampa nó gloine an
fhrithchaiteora agus ná leig d'aon
dromchla garbh teagmháil a dhéanamh le
gloine an lampa. D'fhéadfaí go mbeadh
pléascadh lampa níos déanaí de thoradh
scrabhadh micreascópach ar an gloine.
Aire
Ba chóir go mbeadh Infratec Sofia
ceangailte le 12 V SD (NACH le 24 V SD) le
Foss P/N 60024388, nó le 100-240 V SA le
cuibheoir cumhachta Foss P/N 60024086
(ar a mhalairt ní féidir lipéadú-CE na
hionstraime a sholáthair). Ní cheadaítear
an cuibheoir cumhachta a cheangailt le
hasraon cumhachta ach amháin le talmhú
cosanta.
20:1

Publicidad

Tabla de contenido
loading

Tabla de contenido