20:2
Infratec™ Sofia
Dromchla Te
Éiríonn modúl an lampa an-te de bharr an
ard-teocht oibriúcháin. Is féidir díobháil a
dhéanamh don lampa de bharr méarloirg
agus iarmhar olach. Ní foláir lámhainní
cadáis a chaitheamh agus lampa nua a
chur leis chun aon dochar nó aon díobháil
dó a sheachaint.
Dromchla Te
Ní chóir go gcuirfí bacainn ar
aerchúrsaíocht mórthimpeall feire
fuaraithe an lampa. Fág gan clúdach é
agus a dhóthain spáis ann i gcónaí le
haghaidh aerchúrsaíochta.
Rabhadh
Ná oibrítear an ionstraim in atmaisféar ina
bhfuil baol pléasctha ann.
Nóta: Rinneadh Infratec Sofia a dhearadh
agus a thriail le forálacha na hEorpa (CE)
a chomhlíonadh. Ná ceanglaítear ach
trealamh formheasta CE amháin chun
bheith cinnte go gcoinnítear an
comhlíonadh seo. B'fhéidir go n-éireoidh
neamh-chomhoiriúnacht EMC de bharr
trealamh nach bhfuil formheasta CE aige
a cheangailt leis agus tríd sin cuirfear
isteach ar fheidhmiú Infratec Sofia agus
ar threalamh eile.
20.3 Treoracha Diúscartha
Ná diúscair an gléas leictreach seo
maraon le fuíollábhair neamhshortáilte
teaghlaigh. D'fhéadfadh diúscairt
midhleathach díobháil a dhéanamh don
timpeallacht agus do shláinte an duine.
Déan teagmháil le d'údarás áitiúil
diúscartha le heolas a fháil maidir le
córais aischuir agus bailiúcháin sa
limistéar.
20.4 Beartas Baránta
Déantar coinníollacha baránta a shonrú ar
dheimhniú ordaithe an ordú ceannaigh maraon
leis an sonrasc, nó sa chonradh le hionadaí FOSS
agus ní fheidhmítear iad ach amháin nuair:
•
atá an Custaiméar/Úsáideoir tar éis glacadh
le treoracha scríofa go léir agus le
doiciméadúchán FOSS maidir leis an táirge
•
a rinneadh an táirge a shuiteáil, a chothabháil,
a hoiriúnú agus a chalabrú de réir gach cur
síos agus gach moladh sa dhoiciméadúchán
•
nach mbaineadh úsáid as an táirge le
haidhmeanna seachas iad siúd a bhí ceaptha
go réasúnta ag FOSS
•
nár rinneadh an táirge a athrú nó a dheisiú le
páirteanna nach páirteanna bunaidh de chuid
FOSS iad agus nár rinneadh é a athrú ná a
dheisiú ag daoine nach raibh údáraithe ag
FOSS
User Manual 6002 5350 / Rev. 6